

Seán Ó hUltacháin
Ealaíontóir Ceilteach, Gaeilgeoir, Nádúraí
Is é Seán atá ina oibrí deonach ag Sgoil Sileann. Rugadh agus tógadh Seán ar fheilm ar bhruach Loch Síleann. Tá saol laethiúil Sheáin lán den dúlra áitiúil agus ealaín áitiúil le fada an lá. Tá sé tiomanta le cultúr gaelach a chur chun cinn ina dhúiche féin.
D'iarr a aintín Póilín Inghean Uí Ultacháin air leanstin ina diaidh i Saol na nEalaíon agus ghlac sé leis an iarraidh sin in 2021. Chuir sé taispeántas mór ealaíona Ceilteacha darbh ainm 'Cuisle Bhréifne' ar siúl in Iarsmalann Chondaidh an Chabháin in 2023.
Baineann sé sult as ranganna Gaeilic a mhúineadh, nó Gaeilig a labhairt amuigh fán spéir ar na siúlóidí Gaeilge. Tá céim sa timpeallacht aige, oideachas a spreagann go mór é. Tá sé an-tógtha le cúrsaí garraíodóireacht orgánach agus stair áitiúil chomh maith.
Dar leis an Bhailemhicaodhach féin - "Is mór an onóir domh teangaidh ár sinsear a theagasc i mo dhúiche féin."
© 2019
